Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Príosún ar fionraí gearrtha ar ógánach a bhris lámh Garda

12 EANÁIR 2026, 18:49

Dúirt an Garda Kate Gilligan go mb'fhearr léi a lámh a bheith briste ná deireadh eile ar fad a bheith leis an tiomáint mheargánta an oíche sin.
X Facebook

Tá pionós príosúin ar fionraí gearrtha ar bhuachaill a bhí 15 bliain d'aois nuair a bhris sé lámh Garda agus í ag iarraidh é a tharraingt as carr goidte a bhí sé a thiomáint.

Thug an Bleachtaire Kate Gilligan cuntas sa gcúirt inniu ar an gcontúirt a chuir an t-ógánach é féin ann agus ar an gcontúirt a bhí ann do dhaoine eile a bhí ar an mbóthar nuair a thiomáin sé an bealach contráilte ar mhótarbhealach, nuair a thug sé ruathar leis an gcarr faoi charr Gardaí, agus nuair a bhí sé ag athrú lánaí go meargánta ar an mótarbhealach.

18 anois atá an t-ógánach a thug fianaise sa gcúirt nach raibh sé ag iarraidh éinne a ghortú agus go raibh sé go mór in aiféala gur ghortaigh sé an Garda.

Ní féidir a ainm a fhoilsiú mar go raibh sé faoi aois ag an am.

Phléadáil sé ciontach i dtiomáint mheargánta, i n-ionsaí a dhéanamh ar Ghardaí, as carr a úsáid go neamhdhleathach agus as ruathar a thabhairt faoi charr Gardaí agus damáiste a dhéanamh den fheithicil i n-áiteacha éagsúla ar an M50 an 24ú Lúnasa 2023.

Tugadh fianaise sa gcúirt gur éirigh leis na Gardaí an carr goidte a cheansú ar deireadh, agus dúirt an Bleachtaire Gilligan gur thapaigh sí an deis an buachaill a tharraingt amach as an gcarr.

Ach dhún seisean an doras uirthi, agus briseadh dhá chnámh ina lámh.

B'éigean di fanacht ón obair ar feadh 11 seachtainí de bharr a cuid gortuithe ach dúirt an Bleachtaire go bhfuil sí tagtha aici féin go hiomlán ó shin.

Dúirt sí freisin go mb'fhearr léi a lámh a bheith briste ná deireadh eile ar fad a bheith leis an tiomáint mheargánta an oíche sin.

Gabhadh an buachaill tar éis na heachtra, dúirt sé nach é féin a ghoid an carr, agus dúirt sé go raibh sé go mór in aiféala faoin méid a bhí tárlaithe agus go háirid faoin nGarda a ghortú.

Mhol an Breitheamh Crowe fianaise thuisceanach na nGardaí sa gcás.

Dúirt sí go raibh "gabháil chun cinn suntasach" déanta ag an mbuachaill - go raibh a mhuintir ag tacú leis, go raibh sé ag tabhairt arís faoin scolaíocht, nach raibh sé ag meascadh a thuilleadh le ógánaigh eile a raibh drochthionchar acu air, go raibh sé tar éis forbairt agus go bhfuil sé níos aibí.

Ghearr sí 18 mí sa bpríosún air ach chuir sí an pionós ar fionraí ar an gcoinníoll go bhfanfadh sé glan ar dhrochiompar agus go rachfadh sé i ngleic leis an tSeirbhís Phromhaidh go ceann bliana.