Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Taraif gearrtha ag Trump ar chomhpháirtithe trádála na hIaráine

13 EANÁIR 2026, 10:03

'Trump fós ag breithniú gnímh san Iaráin'
X Facebook

Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil taraif de 25% gearrtha aige ar thíortha a bhíonn ag trádáil leis an Iaráin.

Tíortha a bhíonn ag trádáil leis an Iaráin agus leis na Stáit Aontaithe araon atá i gceist.

Níor ainmnigh Trump aon cheann de na tíortha atá ar intinn aige ach meastar gurb iad an tSín, an Tuirc, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Iaráic na comhpháirtithe trádála is mó atá ag an Iaráin.

Is iad na comhlachtaí sna Stáit Aontaithe a iompórtálann na hearraí a íocfas an taraif.

Baineann an scéal leis na slógaí frithrialtais atá á dtionól ar fud na hIaráine le coicís inar maraíodh thart ar 650 léirsitheoir ar a laghad.

Bhagair Trump roimhe seo ionsaithe míleata a dhéanamh ar an Iaráin mura gcuirfí deireadh leis an marú.

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí Trump ó shin, áfach, go mb'fhearr leis dul i muinín na taidhleoireachta i dtosach.

Dúirt Trump féin go mb'fhéidir go dtiocfadh ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ón Iaráin le chéile agus mhaígh sé freisin go raibh teagmháil déanta aige leis an bhfreasúra san Iaráin.

Tionóladh slógaí ar son an rialtais ar fud na hIaráine inné, ar cruthú é sin, dar le hardcheannaire na tíre an tAyatollah Ali Khamenei, go bhfuil an freasúra cloíte.

Tá an tAyatollah Khamenei ina ardcheannaire sa phoblacht Ioslamach Shiach ó 1989.

Tá tacaíocht léirithe ag an Aontas Eorpach do na léirsitheoirí san Iaráin agus ceaptar go bhfuil ceannairí na mballstát, an Taoiseach Micheál Martin ina measc, go bhfuil siad i bhfabhar tuilleadh smachtbhannaí a chur ar an tír.

Dúirt Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz go gcreideann sé féin go bhfuil an réimeas Ioslamach san Iaráin ag teacht chun deiridh.

Os a choinne sin ar fad, cháin an Rúis "na hiarrachtaí atá ar bun ag tíortha iasachta a ladar a chur i ngnóthaí na hIaráine".

Tá an Rúis ar cheann de na comhghuaillithe is mó atá ag an Iaráin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ