Beidh cruinniú in Washington amárach ag Airí Gnóthaí Eachtracha na Danmhairge agus na Graonlainne Lars Løkke Rasmussen agus Vivian Motzfeldt le Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance agus Rúnaí Stáit na tíre sin Marco Rubio.
Tiocfaidh an ceathrar le chéile sa Teach Bán, áit a ndéanfaidh siad suíochán ar stádas na Graonlainne agus go háirithe an bhagairt atá déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump seilbh a ghabháil ar an gcríoch.
Ní ar chomhchéim atá Lars Løkke Rasmussen agus Vivian Motzfeldt ós leis an Danmhairg an Ghraonlainn, bíodh is go bhfuil féinrialtas aici.
Dúirt Rasmussen gur iarr siad an cruinniú le go bhféadfadh an dá thaobh féachaint idir an dá shúil ar a chéile agus an cheist a chaibidil.
Beidh cruinniú freisin inniu ag Aire Cosanta na Danmhairge Troels Lund Poulsen agus Vivian Motzfeldt le hArd-Rúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) Mark Rutte.
Inné, dúirt an Coimisinéir Eorpach a bhfuil cúraimí cosanta air, Andrius Kubilius, dúirt sé go mbeadh sé d'oibleagáid ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh teacht i gcabhair ar an Danmhairg dá ndéanfaí ionsaí míleata ar an tír sin.
Mhaígh Kubilius freisin go mbeadh deireadh le ECAT dá dtarlódh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


