Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Ba cheart cuimhneamh ar chosc a chur ar aip Grok' – freasúra

13 EANÁIR 2026, 16:14

Is leis an meán sóisialta X Grok
X Facebook

Tá páirtithe freasúra ag iarraidh ar an Rialtas cuimhneamh ar chosc a chur ar aip intleachta saorga de chuid an bhota comhrá Grok a bhfuil mí-úsáid á bhaint as ag daoine áirithe chun íomhánnna graosta a chruthú agus a fhoilsiú ar líne.

Is leis an meán sóisialta X Grok agus tá sé ráite freisin ag trí pháirtí freasúra – Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus an Comhaontas Glas – go mb'fhéidir gur cheart do chomhlachtaí Stáit gan feidhm a bhaint as X feasta.

Tá siad ag iarraidh chomh maith ar an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan a shoiléiriú an gníomh coiriúil é na híomhánna graosta a chruthú agus a fhoilsiú, a bhfuil íomhánna de mhí-úsáid leanaí ina measc.

An tseachtain seo caite, d'fhógair X nach mbeadh fáil ach ag síntiúsóirí ar an aip feasta ach deir an freasúra nach leor sin ná in aon ghaobhar dó.

Thug ceannaire an Chomhaontais Ghlais Roderic O'Gorman le fios gur éirigh sé as X mar gheall ar an gconspóid agus dúirt an Seanadóir Laura Harmon ó Pháirtí an Lucht Oibre go raibh sí féin ag cuimhneamh ar éirí as.

Dúirt leascheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Cian O'Callaghan gur cheart don Rialtas leas a bhaint as reachtaíocht atá ann cheana féin le dul i ngleic leis na híomhánna graosta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ