Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Enoch Burke scaoilte saor ón bpríosún 'ar son riar na córa'

14 EANÁIR 2026, 18:53

Enoch Burke lasmuigh de Phríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu
X Facebook

D'ordaigh breitheamh Ard-Chúirte an múinteoir meánscoile Enoch Burke a scaoileadh saor ó Phríosún Mhuinseo, mar a bhfuil sé faoi choinneáil ó dheireadh mhí na Samhna as ordú cúirte a shárú.

Cé gur ordaíodh don Bhúrcach gan treaspás a dhéanamh ar thalamh scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí, áit a mbíodh sé ag obair, is neamhaird theanntásach a thug sé ar an ordú sin.

An tseachtain seo caite, d'iarr Enoch Burke urghaire shealadach ar an Ard-Chúirt in aghaidh phainéal achomhairc a bhí bunaithe ag an scoil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh é a bhriseadh as a phost.

San Ard-Chúirt inniu, dúirt an Breitheamh Brian Cregan go raibh ceisteanna "substainteacha" agus "inchreidte" maidir leis an bpainéal curtha faoi bhráid na cúirte ag an mBúrcach.

Thug an breitheamh le fios go raibh Enoch Burke á scaoileadh saor ón bpríosún "ar aon chúis amháin", is é sin "ar son riar na córa" i riocht agus go mbeadh am ag an mBúrcach a chás in aghaidh an phainéil a réiteach.

Mar sin féin, arsa an Breitheamh Cregan, cuirfear i bpríosún arís é gan mhoill má dhéanann sé treaspás ar thalamh na scoile arís.

D'fhreagair Enoch Burke agus dúirt go raibh dualgas air dul go dtí a ionad oibre dá saorfaí é.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ