Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Saighdiúirí ó thíortha Eorpacha ar a mbealach chun na Graonlainne

15 EANÁIR 2026, 15:57

A aghaidh ó thuaidh ar an nGraonlainn ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump
X Facebook

Tá fórsaí míleata ón bhFrainc ar a mbealach go dtí an Ghraonlainn tar éis d'Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron a fhógairt go bhfuil siad le páirt a ghlacadh i gcleachtaí míleata ansin ar chuireadh na Graonlainne agus na Danmhairge ar léi an Ghraonlainn.

Tá saighdiúirí ón nGearmáin, ón Iorua agus ón tSualainn ar a mbealach chun na Graonlainne freisin lena dtacaíocht a léiriú don chríoch sin agus don Danmhairg atá ag cur in aghaidh an rúin dhaingin a deir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump atá aige seilbh a ghabháil ar an nGraonlainn.

Is ballstáit d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) na tíortha sin uile agus tá a bhfuil i ndán don chomhghuaillíocht an-éiginnte anois i bhfianaise uaillmhian Trump.

Tá cruinniú éigeándála de Rialtas na Fraince gairthe ag Emmanuel Macron inniu le ceist na Graonlainne a chíoradh.

Chomh maith leis na saighdiúirí Francacha atá ar a mbealach go dtí an Ghraonlainn cheana féin, tá tuilleadh le teacht sna sála orthu, a dúirt Macron.

Ní gá a rá go bhfuil an Ghraonlainn agus an Danmhairg glan in aghaidh an mhustair atá Trump a dhéanamh.

Bhí cruinniú sa Teach Bán in Washington inné ag Airí Gnóthaí Eachtracha na Danmhairge agus na Graonlainne Lars Løkke Rasmussen agus Vivian Motzfeldt le Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance agus Rúnaí Stáit na tíre sin Marco Rubio leis an gcúis a phlé.

Dúradh i ndiaidh an chruinnithe, áfach, gur fada ó chéile an dá thaobh i gcónaí.

Aréir, dhearbhaigh Trump an athuair go raibh sé mionnaithe seilbh a ghabháil ar an nGraonlainn mar nár mhór, ar sé, smacht a bheith ag na Stáit Aontaithe ar shlándáil an réigiúin leis an Rúis agus an tSín a chur ó dhoras.

Ina dhiaidh sin, mar is dual do Trump, dúirt sé sa teanga liom leat atá aige go bhféadfadh sé gníomhú mar a ghníomhaigh sé i Veiniséala le gairid ach, ar an láimh eile de, go mb'fhéidir go bhféadfaí teacht ar shocrú faoi rialachas na Graonlainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ