Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Iascaire maraithe i dtimpiste amach ó chósta Chiarraí

15 EANÁIR 2026, 15:47

Chuaigh dhá héileacaptar agus eitleán leis an nGarda Cósta chuig láthair na tionóisce
X Facebook

Maraíodh iascaire agus gortaíodh go dona iascaire eile i dtimpiste a tharla ar an mbád a raibh siad ag obair uirthi amach ó chósta Chiarraí ar maidin inniu

Is cosúil gur gortaíodh an bheirt fhear nuair a bhris rópa ar an mbád – an Novoalborada – ar sa Spáinn atá sí cláraithe.

Is iad na seirbhísí tarrthála cósta sa Spáinn a chuir fios ar an nGarda Cósta i nDairbhre go gairid tar éis 9 a chlog ar maidin.

Dhá héileacaptar agus eitleán leis an nGarda Cósta a chuaigh chuig láthair na tubaiste ach bhásaigh duine den bheirt fhear ar an mbád sula raibh faill teacht i gcabhair air.

Tugadh an fear a gortaíodh go hOspidéal na hOllscoile i gCorcaigh ar cheann de na héileacaptair.

Ba mhór an dúshlan an fear a chur sa héileacaptar de bharr a choipthe a bhí an fharraige agus ólaithe chomh hard le sé mhéadar sa limistéar ag an am.

Tá corp an iascaire eile le tabhairt i dtír i gCo Chiarraí a luaithe is féidir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ