Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear a gabhadh faoi dhúnmharú beirte scaoilte saor

15 EANÁIR 2026, 16:52

Ionsaíodh an teach in Éadan Doire, Co Uíbh Fhailí, tráthnóna an 6 Nollaig 2025
X Facebook

Scaoilte saor gan aon chúis a chur ina leith tá fear sna fichidí a ghabh na Gardaí inné maidir leis an ionsaí buama peitril a rinneadh ar theach cónaithe in Éadan Doire i gCo Uíbh Fhailí i dtús na míosa seo caite ar maraíodh buachaill óg agus a sheanaintín dá bharr.

Gabhadh an fear ar maidin inné ar amhras go ndearna sé dúnmharú agus bhí sé á cheistiú i stáisiún Gardaí i lár tíre.

Dúirt na Gardaí go mbeadh comhad faoi chás an fhir á réiteach acu le haghaidh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Maraíodh Tadhg Farrell, a bhí ceithre bliana d'aois, agus a sheanaintín Mary Holt, a bhí 60 bliain d'aois, nuair a lasadh an teach i bPáirc Radharc an Chaisleáin in Éadan Doire ar an 6 Nollaig.

Gortaíodh go dona seanmháthair Thaidhg, Pauline Holt, san ionsaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ