Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Graostacht Grok: cruinniú ag Aire Stáit le hionadaithe X

16 EANÁIR 2026, 16:57

Cruinnithe inniu faoi ghraostacht Grok
X Facebook

Bhí cruinniú inniu ag an Aire Stáit Niamh Smyth le hionadaithe ón meán sóisialta X leis an gconspóid faoi aip de chuid an bhota comhrá Grok a phlé. Is le X Grok.

Baineann an scéal leis an bhfeidhm is féidir a bhaint as an aip intleachta saorga chun íomhánna graosta a chruthú de dhaoine agus a gcuid éadaigh bainte díobh.

Is ar Niamh Smyth mar Aire Stáit atá an cúram polaitiúil maidir le gnóthaí intleachta saorga sa Stát.

Theastaigh uaithi a fháil amach ó ionadaithe X sa chruinniú inniu cén chaoi go baileach a bhfuil siad ag dul i ngleic le fadhb na n-íomhánna graosta ó tháinig an scéal chun solais.

I ndiaidh an chruinnithe, dúirt Niamh Smyth go ndúirt lucht X léi nach féidir leis an aip éadaí a bhaint d'íomhánna de dhaoine níos mó, agus go raibh sin amhlaidh anois ar fud an domhain.

Bhí cruinniú ag Niamh Smyth leis an Ard-Aighne Rossa Fanning inné lena dheimhniú nach raibh aon lúb ar lár sa dlí maidir lena leithéid.

Dheimhnigh an Fainíneach nach raibh.

Roimh an gcruinniú sin, bhí sé fógartha ag X nach raibh cead níos mó feidhm a bhaint as an aip atá i dtreis chun íomhánna graosta a ríomhchruthú i dtíortha ina bhfuil a leithéid mídhleathach.

Beidh cruinniú inniu freisin ag Coimisiún na Meán leis an gCoimisiún Eorpach chun an scéal a chriathrú agus é mar aidhm acu araon gan amhras deireadh a chur leis an gcleachtas.

Táthar imníoch, áfach, go bhfuil aipeanna eile ann, nach bhfuil aon bhaint acu le X, ar féidir íomhánna gáirsiúla a chruthú leo chomh maith.

Cé gur fál i ndiaidh na foghla atá á chaibidil ag na polaiteoirí agus na rialálaithe, cá bhfios nach fál nua dílis daingean a thógfar de bhíthin na conspóide. Nó an fál go haer an méid sin?

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ