Adhlacadh i gCo Chorcaí inniu an t-amhránaí traidisiúnta aitheanta Seán Ó Sé a fuair bás Dé Máirt seo caite in aois a dheich mbliana agus ceithre scór nach mór.
Is i Séipéal Mhuire Lourdes i mBaile an Locha i gcathair Chorcaí a ceiliúradh an tAifreann Éagnairce, áit a raibh Ard-Mhéara Chorcaí Fergal Dennehy agus aides-de-camp Uachtarán na hÉireann agus an Taoisigh i measc na sochraideach.
San aitheasc a thug mac Sheáin ón altóir, dúirt sé gur saol ilghnéitheach a bhí ag a athair a raibh trí chloch choirnéil ann, mar a bhí, a chuid oibre, oideachas agus amhránaíocht.
Dúirt Con Ó Sé chomh maith go raibh an teaghlach an-sásta go háirithe gur tháinig daltaí ó Scoil Mhuire ar Chnoc na hAoine chuig an Aifreann.
Chaith Seán Ó Sé trí bliana déag ina phríomhoide sa scoil náisiúnta sin.
Tabhartas ó Dhia a bhí i mbua amhránaíochta Sheáin agus bhaineadh sé an oiread céanna sásaimh as canadh sna hallaí beaga agus a bhaineadh sé as teacht i láthair an phobail sna hallaí móra, a dúirt an mac.
Ach thar aon ní eile ar domhan, arsa sé, ba é a theaghlach ab ansa leis.
Is i Reilig na Mainistreach i mBeanntraí in iarthar Chorcaí a adhlacadh Seán Ó Sé, ceithre mhíle ó dheas óna fhód dúchais i mBéal Átha Leice.
Bhí an-aithne ar fad ar Sheán Ó Sé mar gheall ar an amhrán An Poc ar Buile a thaifead sé i 1962.
Fuair sé a chuid scolaíochta i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhuirne agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath.
Bhí sé páirteach i ngrúpa Sheáin Uí Riada – Ceoltóirí Chualann – agus thaistil sé ar fud na cruinne go minic le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus le Gael Linn.
Bronnadh Gradam Saoil TG4 ar Sheán Ó Sé i mBéal Feirste in 2021 agus bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh dochtúireacht oinigh air mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Bhásaigh anuraidh bean chéile Sheáin, Eileen, agus maireann a mhac Con agus a bheirt iníonacha Áine agus Íde.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


