Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Teachta Dála ó Fhianna Fáil ciontaithe i dtiomáint chontúirteach

16 EANÁIR 2026, 16:50

An Teachta Dála Michael Cahill, Fianna Fáil
X Facebook

I gcúirt i gCo Chorcaí inniu, ciontaíodh Teachta Dála ó Fhianna Fáil i dtiomáint chontúirteach tar éis do na Gardaí é a thaifeadadh ag tiomáint ag 190 ciliméadar san uair ar mhótarbhealach i mí an Mhárta anuraidh.

Sin é Michael Cahill as Ros Beithe, Gleann Beithe, i gCo Chiarraí ar gearradh fíneáil de €500 air agus ar cuireadh cosc tiomána air go ceann dhá bhliain i gCúirt Dúiche Mhainistir Fhear Maí.

Dúirt Garda sa chúirt inniu go raibh Michael Cahill ag tiomáint "go taghdach" ar mhótarbhealach an M8 idir Baile Mhistéala agus Mhainistir Fhear Maí ar an 3 Márta 2025.

Is ball é Michael Cahill de Chomhchoiste Dlí agus Cirt na Dála.

Dúirt an Breitheamh Colm Roberts le Michael Cahill gur cheart go mb'fheasach dó go maraítear daoine ar na bóithre mar gheall ar róluas agus "mar fheisire parlaiminte" gur cheart go mba lánfheasach dó é sin.

I ndiaidh na héisteachta, ghabh Michael Cahill a leithscéal as tiomáint go contúirteach.

Dúirt sé go raibh deifir air an lá sin mar go raibh sé ag iarraidh a bheith i láthair ag ócáid i gCiarraí a bhí eagraithe aige féin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ