Tarraingítear aird ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht agus ar mheath leanúnach na Gaeilge mar theanga phobail san athbhreithniú ar phleananna teanga i ndeich limistéar Gaeltachta agus neasGhaeltachta a foilsíodh inniu.
Go deimhin, is "idirghabháil phráinneach chuimsitheach" a theastaíonn sula mbeidh sé rómhall, a deirtear go neamhbhalbh san athbhreithniú.
Chuige sin, chomh maith leis an bpróiseas pleanála teanga féin a athrú, moltar an smaointeoireacht a athrú freisin.
Is é an comhlacht Barr Feabhais a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile.
Is iad na deich limistéar pleanála teanga a iniúnchadh Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; na Déise; Ciarraí Theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí Thiar; Conamara Láir; an Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.
Ós iad na hoifigigh pleanála teanga a d'iarr an t-athbhreithniú a chéaduair, deirtear ann ina leith go bhfuil "idir mhearbhall agus fhrustrachas" orthu ina gcuid oibre.
Tugtar suntas go háirithe don easpa tacaíochta a fhaigheann siad ó eagraíochtaí éagsúla agus don laghad maoinithe atá ar fáil lena gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.
Ina cheann sin, ní léir dóibh, a deir siad féin, cad é an cúram go baileach atá orthu.
Tá 40 moladh san athbhreithniú, lena n-áirítear "tosaíocht a thabhairt d'iarratasóirí tithíochta a labhraíonn Gaeilge agus deontais tithíochta oiriúnaithe a chur ar fáil do theaghlaigh atá tiomanta d'úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht".
I ráiteas, dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary "cé go bhfuil dúshláin áirithe aitheanta ag na comhairleoirí neamhspleácha a thug faoin athbhreithniú, is léir ó na torthaí go bhfuil ag éirí go maith leis an bpróiseas trí chéile.
"Baineann roinnt mhaith de na moltaí le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht agus, chuige sin, beidh mé ag tabhairt an chéad Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo".


