I gCúirt Chuarda an Mhuilinn Chearr i gCo na hIarmhí, cuireadh siar an athuair cás fir 45 bliain d'aois atá cúisithe i dtiomáint chontúirteach arbh é bás a iníne sé bliana d'aois a thoradh.
Sin é an Dr Babak Meshkat – as an gCimín Mór, Bóthar na Ceapaí, i nGaillimh – ar gortaíodh go dona a iníon, Hana Meshkat, ar mhótarbhealach an M6 idir Bealach an Tirialaigh agus Droichead Chaisleán Loiste i gCo na hIarmhí ar an 8 Feabhra 2024.
Bhásaigh an cailín óg san ospidéal i mBaile Átha Cliath naoi lá ina dhiaidh sin.
An samhradh seo caite, thug dlíodóirí an chúisí le fios gur theastaigh uathu saineolaí neamhspleách a fhostú le sonraí na tubaiste bóthair a anailísiú sula ndéanfadh a gcliant aon phléadáil.
Dúirt siad sa chúirt inniu go mbeadh tuarascáil an tsaineolaí sin réitithe i gceann trí seachtaine.
Tá tuarascáil 120 leathanach curtha ar fáil cheana féin ag saineolaithe an Gharda Síochána.
Chuir an Breitheamh Keenan Johnson an cás siar go dtí an 12 Feabhra.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


