Tá sé tugtha le fios ag Céad Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill go gcuirfear tús an tseachtain seo chugainn leis an obair ullmhúcháin faoi choinne athchóiriú Pháirc Mhic Easmainn (Páirc Mhic Asmaint uaireanta) i mBéal Feirste.
I bpostáil a d'fhoilsigh sí ar X ar maidin inniu, dúirt Michelle O'Neill go bhfuil sé ar cheann de thosaíochtaí Fheidhmeannas Stormont an staid Chumann Lúthchleas Gael ar Bhóthar Bhaile Andarsan a athfhorbairt.
An tseachtain seo caite, thug an Feidhmeannas le tuiscint go gcuirfí maoiniú breise ar fáil i gcomhair an togra mar nár mhór an boilsciú a chur san áireamh.
Ag an am céanna, dúirt príomhfheidhmeannach CLG Uladh Brian McAvoy gur cosúil gur in 2026 "a chuirfí tús le cur i gcrích an togra".
Tá Páirc Mhic Easmainn díomhaoin agus fágtha ina fhothrach le breis agus deich mbliana ach tá súil go mbeidh áit sa staid úrnua do 34,500 duine agus gach saoráid ar fáil ann.
Meastar go gcosnóidh an staid nua £270 milliún faoin am a bheas an dlaoi mhullaigh curtha ar an áit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


