Tá leithscéal gafa ag Ospidéal Réigiúnach an Mhuilinn Chearr faoi "earráidí millteanacha" sa chóireáil leighis a cuireadh ar bhean 25 bliain d'aois a fuair bás tar éis do chapall í a bhrúscadh.
Gortaíodh go dona sa cheann Bryonny Sainsbury nuair a bhrúisc an capall í agus í ag cuidiú le tréidlia i stábla marcaíochta i gCo an Longfoirt ar an 26 Lúnasa 2021.
Tugadh í go hOspidéal Réigiúnach an Mhuilinn Chearr, áit ar iarr lucht leighis comhairle faoina cás ar shaineolaithe in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath.
Dúradh ag coiste cróinéara in 2024 nár cuireadh cuid den chomhairle sin i bhfeidhm, áfach.
Chaith Bryonny Sainsbury trí lá san ospidéal sa Mhuileann gCearr sular aistríodh í go Beaumont, áit ar cailleadh í ar an 31 Lúnasa 2021.
Tugadh le fios freisin ag an gcoiste cróinéara go bhféadfaí a beatha a shábháil dá n-aistreofaí í níos luaithe.
Dúradh gur impigh Bryonny agus a muintir go rialta ar an bhfoireann leighis sa Mhuileann gCearr, i gcaitheamh na dtrí lá a bhí sí ann, aire níos fearr a thabhairt di.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


