Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Caredoc: baill de SIPTU ag glacadh le moladh faoi ardú pá

20 EANÁIR 2026, 17:54

Chuaigh oibrithe Caredoc ar stailc an mhí seo caite mar gheall ar aighneas faoi phá
X Facebook

Tá baill den cheardchumann SIPTU atá fostaithe ag an tseirbhís dochtúireachta Caredoc tar éis vótáil i bhfabhar glacadh le moladh faoi ardú pá agus deireadh a chur lena ngníomhaíocht thionsclaíoch.

Cuireann Caredoc seirbhís dochtúireachta ginearálta ar fáil taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige i gceithre ionad leighis déag i naoi gcontae in oirdheisceart agus in iarthuaisceart na tíre.

Oibrithe Caredoc, ar baill iad de SIPTU agus de Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, chuaigh siad ar stailc an mhí seo caite mar gheall ar aighneas faoi phá.

Dúirt na hoibrithe nach bhfuair siad riamh ardú pá de 8% a gealladh dóibh mar chuid de shocrú a rinneadh sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre in 2023.

Is cosúil go bhfuil airgead breise geallta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Caredoc anois chun an t-ardú pá a thabhairt do na hoibrithe.

Dúirt ionadaí ó SIPTU go raibh súil aige go gcuirfí an socrú i bhfeidhm gan mhoill.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ