Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Arm Iosrael ag díbirt daoine arís as deisceart Gaza

21 EANÁIR 2026, 10:32

Gasúir i limistéar scriosta Jabalia
X Facebook

Tá ordú tugtha ag Arm Iosrael do na scórtha teaghlach Palaistíneach i ndeisceart Gaza teitheadh óna n-áit chónaithe, an chéad ordú dá leithéid ó socraíodh faoiseamh sa gcogaíocht mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Deir muintir na h-áite agus Gluaiseacht Hamas go bhfuil an tArm ag méadú ar a bhforghabháil sa taobh ó dheas den limistéar.

Scaoileadh na bileoga díbeartha ón aer Dé Luain ag cur an ruaig ar dhaoine as Bani Suhaile, baile beag soir as cathair Khan Younis, ar theaghlaigh go sonrach atá ag cur fúthu i gcampa sealadach i gcomharsanacht Al-Reqeb.

In Eabhrais, Araibis agus i mBéarla a bhí na bileoga a dúirt "Fógra práinneach. Ceantar é seo faoi cheannas Fhórsaí Cosanta Iosrael. Ní mór bogadh amach láithreach".

Tá Arm Iosrael ag séanadh go bhfuil siad ag iarraidh teaghlaigh a ruaigeadh amach as an áit. Dheimhnigh siad gur scaoileadh anuas na fógraí ó eitleán Airm ach deir siad gur ag cur fainic ar dhaoine a bhí siad gan an "Líne Sos Cogaidh" - an Líne Bhuí mar a thugann Iosrael air - a shárú.

Sa dá bhliain den chogaíocht is deireanaí sular síníodh socrú ag maolú an fhoréigin ráithe ó shin ba ghníomh rialta ag Iosrael bileoga díbeartha a scaoileadh anuas ar dhaoine sular h-ionsaíodh iad agus b'éigean de theaghlaigh go leor teitheadh arís is arís eile.

A man in a wheelchair is seen amid tents and people's belongings
Ionad fóirithinte de chuid na Náisiún Aontaithe (UNWRA) i gCathair Ghaza

Níl aon ghabháil chun cinn déanta ó thaobh na síochána le 3 mhí; cé go bhfuil an chogaíocht den chuid is mó maolaithe, tá seilbh go fóill ag Arm Iosrael ar bhreis is leath de Ghaza.

Tá an dá mhilliún duine atá ina gcónaí ann anois sáinnithe san tríú cuid den limistéar, a bhformhór mór i bpubaill nó i bhfoirgnimh loite.

I gcás Bani Suhaila tá ar a laghad 70 teaghlach anois le díbirt an athuair.

Deir Ismail Al-Thawabta, feidhmeannach de chuid Rialtas Hamas, go bhfuil an ceantar faoi smacht Iosrael "leathnaithe ag an Arm cúig h-uaire le ráithe agus tá ar a laghad 9,000 duine díbeartha acu".

A general view of displaced Palestinians staying at a shelter

Tá Arm Iosrael tar éis scaoileadh le "sceimhlitheoirí" a deir siad a bhí ag gabháil i dtreo an Líne Bhuí agus "ag cur saighdiúirí i gcontúirt."

Tá buamaí fós á gcaitheadh ón aer agus ruathair fós ar bun ar Ghaza "ar ghrúpaí armtha atá i mbun ionsaithe ar Iosrael".

Tá beagnach 500 Palaistíneach maraithe le ráithe, chomh maith le triúr saighdiúirí de chuid Arm Iosrael.

Faoin "sos cogaidh" a síníodh mí Dheireadh Fómhair táthar fós le tabhairt faoin "Dara Céim" ina bhfuil airm Hamas le cur ó mhaith, Arm Iosrael ceaptha tarraingt siar uilig, agus réimeas riaracháin idirnáisiúnta in ainm is tabhairt faoi ath-thógál an limistéir scriosta.

' />