Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Neamhaird ag ospidéal ar phróiseas tairisceana 'ar bhonn práinne'

22 EANÁIR 2026, 12:30

Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath
X Facebook

Tá leithscéal gafa ag an ospidéal is mó tír, Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath, faoi os €4.7 milliún a íoc as seirbhísí cúraim ailse le comhlacht príobháideach ar bhaill foirne de chuid an ospidéil ocht nduine dhéag de na stiúrthóirí.

Bronnadh an conradh ar an gcomhlacht gan tairiscintí poiblí a iarraidh.

Tá an scéal á phlé inniu os comhair Choiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann.

Tá ionadaithe an ospidéil i láthair an choiste, áit ar adhmaigh siad nár cloíodh leis na caighdeáin chuí sa phróiseas soláthair seirbhísí.

Mhaígh siad, más ea, gur d'fhonn an cúram ab fhearr a chur ar fáil d'othair ailse a luaithe ab fhéidir a rinneadh an cinneadh na caighdeáin sin a shárú.

Moill ar dhiagnóis a sheachaint ba bhun leis an scéal, a dúirt siad.

Is féidir drochthoradh a bheith ann de bharr moille, arsa siad, agus, ar an drochuair, sin go baileach a tharla ar 28 ócáid in 2024 nuair nach raibh fáil go tráthúil ar shaoráidí diagnóisithe.

Go minic, glacann an próiseas tarisceana bliain agus is ina fhianaise sin a socraíodh dlús a chur leis sa chás seo, a dúradh.

Ina cheann sin, is praghas réasúnta a íocadh as na seirbhísí a bhí i gceist, ar siad.

Is é Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste Séamus McCarthy a d'iniúch an scéal agus thug sé le fios nach raibh ráiteas leasa ginearálta déanta in 2024 ag seisear den ocht stiúrthóir déag a bhí i dtreis, cé go raibh oibleagáid dhlíthiúil orthu é sin a dhéanamh.

Mar leis an dáréag eile, ní raibh dearbhú leasa déanta acusan maidir leis an mbaint a bhí acu leis an gcomhlacht príobháideach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ