Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Fáil iomlán, fáil go brách ag Meiriceá ar an nGraonlainn'

22 EANÁIR 2026, 15:49

Bratach na Graonlainne ar foluain fós sa phríomhchathair, Nuuk
X Facebook

Tuigtear go ndéanfaidh na Stáit Aontaithe agus an Danmhairg leasuithe suntasacha ar an gcomhaontú a rinne siad i 1951 maidir leis an nGraonlainn a chosaint.

Tar éis ar socraíodh i gcomhráite idir Uachtarán Mheiriceá Donald Trump agus ceannairí Eorpacha san Eilvéis, tuairisicítear go ndéanfaidh na Stáit Aontaithe agus an Danmhairg margáil as an nua faoin gceist.

Mar chuid den socrú nua, is cosúil go gcuirfidh tíortha Eorpacha slándáil níos déine i bhfeidhm in uiscí na Graonlainne, ar leis an Danmhairg í.

In agallamh teilifíse a rinne sé san Eilvéis, d'fhógair Trump nach raibh sé i gceist aige níos mó seilbh a fháil ar an nGraonlainn.

Mar sin féin, arsa sé, beidh "fáil iomlán, fáil go brách" ag na Stáit Aontaithe ar an nGraonlainn feasta.

Mhaígh Trump freisin nach mbeadh na Meiriceánaigh ag íoc dada as an bhfáil sin, seachas an t-airgead a bheadh le caitheamh acu ar an gcóras cosanta a dtugtar "An Cruinneachán Órga" air.

Níl aon sonraí tugtha ag aon dream fós faoina bhfuil socraithe agus ní dúirt Trump féin ach go raibh tús curtha leis an idirbheartaíocht.

Dúirt LeasPhríomh-Aire na Graonlainne Múte Egede nach raibh sé i gceist aon talamh a thabhairt ar láimh do na Meiriceanaigh de réir a raibh socraithe.

Bhí Trump ag bagairt le cúpla mí seilbh a ghabháil ar an nGraonlainn go breas nó go treas leis an gcuid sin den limistéar Artach a chosaint ar an Rúis agus ar an tSín, dar leis, agus le fáil a bheith ag na Meiriceánaigh ar an raon leathan mianraí luachmhara atá sa Ghraonlainn.

Diomaite de chúrsaí na Graonlainne, bhí cruinniú in Davos ag Trump chomh maith le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa tír sin.

Thug an bheirt fhear le fios ina dhiaidh gur cruinniú an-mhaith a bhí ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ