Tháinig comhalta den Gharda Síochána os comhair Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall inniu agus é cúisithe i mbaineannach a éigniú agus i ndrochíde a thabhairt do leanbh sa chontae sin.
Tá an fear ar fionraí ó na Gardaí mar gheall ar a bhfuil curtha ina leith.
Líomhnaítear gur éignigh an Garda an baineannach dhá uair in 2021; gur thug sé drochíde do leanbh trí huaire idir 2015 agus 2024; agus go ndearna sé ionsaí díobhálach ar bhaineannach ar dháta nach fios idir Aibreán 2021 agus Aibreán 2022.
Dúradh sa chúirt gur threoraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an Garda a chur ar a thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.
Níl cead ainm an Gharda a fhoilsiú.
Ceadaíodh bannaí don Gharda faoi réir coinníollacha áirithe agus cuireadh an cás siar go dtí an 3 Márta, tráth a sheirbheálfar leabhar fianaise.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


