Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gan na cearta céanna feasta ag tionóntaithe i dtithe Fair Deal

23 EANÁIR 2026, 19:49

X Facebook

Ní bheidh an cead céanna ag tionóntaithe i dtithe atá ceangailte den scéim Fair Deal is a bheidh ag tionóntaithe eile, de réir na leasuithe ar an earnáil cíosa atá le foilsiú an tseachtain seo chugainn.

Ní bheidh ceart go huathfheidhmeach ag na tionóntaithe sin fanacht sna tithe sin go ceann sé bhliana mar a bheidh ag gach tionónta eile a chlárófar tar éis an 1 Márta seo chugainn.

Beidh an reachtaíocht a fheidmeoidh na leasuithe seo tar éis an 1 Márta á cur faoi bhráid an Comhaireachta Dé Máirt. Ní chuirfidh na leasuithe aon athrú ar aon tíonóntacht atá i bfheidhm roimh an dáta sin.

Tar éis an 1 Márta, cuirfear uasardú bliantúil 2% ar chíosanna agus mairidh na tionóntachtaí sé bhliana.

Ach bhí úinéirí thithe atá ligthe ar cíos de réir na scéime Fair Deal, chun íoc as cúram i dteach altranais, imníoch faoi fhad na dtionótachtaí nua.

Dar leo, laghdófaí luach na dtithe sin dá mbeadh orthu teach a dhíol agus tionónta ina chónaí ann go ceann a théarma sé bhliana.

Ach tuigear anois, go mbeidh an t-ábhar imní sin san áireamh sa reachtaíocht a thabharfaidh an tAire Tithíochta James Browne chun cinn Dé Máirt.

Tá sé maíte ag páirtithe an fhreasúra go minic go dtabharfaidh na bearta nua seo ardú mór ar chíosanna.