Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Siabhrán cumhachta' é Bord na Síochána ag Trump - Mary Robinson

26 EANÁIR 2026, 11:30

X Facebook

Ní bord chun na síochána é Bord Síochána molta na Stát Aontaithe, dar le Mary Robinson, ach bord é atá ar mhaithe le cumhacht duine amháin.

Dúirt an t-iar-Uachtarán ar Éirinn, iar-Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe agus ball den ghrúpa The Elders, gur 'siabhrán cumhachta' é seo ag Donald Trump.

Deir Mary Robinson ar RTÉ ar maidin go bhfuil cumhachta na Stát Aontaithe ag Donald Trump, gan bac gan srian, laistigh agus lasmuigh den tír sin, agus anois atá muid a fheiceáil céard is ciall leis sin ar fad.

Ní gá na Náisiún Aontaithe a dhíchur, a dúirt sí, ach tá gá lena leasú, rud atá á iarraidh ag na Elders le fada.

Rinneadh 'bullaíocht' ar na Náisiúin Aontaithe, a dúirt Mary Robinson, agus Bord na Síochána á chur ar bun. Ach bhí Gaza ag croí na mandáide atá faofa ag na Náisiúin Aontaithe, a dúirt sí, ach níl aon tagairt dó i gcairt Bhord na Síochána.

Níor aontaigh baill den Comhdháíl Slándála leis an mBord Síochána seo, a dúirt sí, agus gan aon tagairt ina cairt bhunaithe ann do Gaza ná don mhándáid ó na NA.

Thug an comhairle faomhadh do Bhord Síochána a chuirfeadh i bhfeidhm na 20 céim sa phlean síochána do Gaza, a dúirt sí.

Ach níl baint ar bith ag an mbord seo le plean síochána Gaza, a dúirt sí. Bord níos ginearálta atá ann, bord chun chumhacht duine amháin.

Ní fhéadfadh Éire, ná aon tír a bhfuil meas aici uirthi féin bheith páirteach sa bhord, a dúirt sí.

Tá réabadh ar siúl i gcúrsaí na cruinne, a deir an t-iar-Uachtarán Robinson, réabadh aon fhir, réabadh Donald Trump.

Contúirt don domhain uile atá ann, ach ní chiallaíonn sé go bhfuil an t-ord domhanda riailbhunaithe imithe dá bharr, a deir sí, ach teastaíonn tacaíocht láidir, gníomhach ón ord domhanda sin go háírithe ó na tíortha meánach agus beaga atá i dtuilleamaí air.

Caitfidh domhain atá riailbhunaithe teacht slán ón bhfear seo, a dúirt sí, fear a bhfuil dáir cumhachta air.