Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear cúisithe i ngníomhaíochtaí bhuíon coireachta a stiúradh

26 EANÁIR 2026, 14:19

X Facebook

Tá fear cúisithe i mBaile Atha Cliath i ngníomhaíochtaí bhuíon choireachta a stiúradh i 2024.

Bhí Brian Grendon, 48 mbliana d'aois, as Céide an Dúin Ghlais i gCluain Dólcáin os comhair na cúirte inniu. Baineann na cúisimh le hiompórtáíl agus dáileadh drugaí agus as an bhfáltais ó na drugaí sin a sciúradh idir an 1 Lúnasa agus an 17 Meán Fómhair 2024.

Tá an coir seo in aghaidh mír 71A den Acht um an Ceartas Coiriúil 2016.

Thug an Bleachtaire Sáirsint Hugh McInerney, ó Bhiúró Dhrugaí agus Coireachta Eagraithe an Gharda, fianaise faoi ghabháil agus cúisiú Brian Grendon agus faoin bhfoláireamh foirmeálta a tugadh dó.

Dúirt sé leis an gcúirt gur ghaibh sé Brian Grendon ag aerphort Bhaile Átha Cliath aréir agus gur tugadh chuig stáisiún Garda Sr. Caoimhín é.

Dúirt an Bleachtaire nár thug Brian Grendon aon fhreagra ar na cúisimh a cuireadh ina leith.

Rinne dlíodóir Grendon iarratas ar na gcúirt a chliant a chur siar faoi choinneáíl lá amháin lena thabhairt os comhair na cúirte arís amárach.

Dúirt sé gur gabhadh Grendon agus é ag filleadh ar an tír aréir ach go raibh tuairiscí áírithe ann a chuir ina leith gur theith sé agus é ar bannaí. Bhí a cliant ar bannaí, a dúirt sé, de bhun cúiseamh a bhain le sciúradh airgid, ach phléadáil sé ciontach i gcoireanna cánach agus bhí sé le bheith os comhair Chúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath amárach le pianbhreith a ghearradh air.

Bhí a phas tugtha ar ais dó agus bhí cead aige an dlínse a fhágáil, a dúirt an dlíodóir. Bhí sé ag iarraidh anois an cás sin a chríochnú amach agus a dhéanamh cinnte go mbeadh Grendon os comhair na Cúirte Cuarda.

Chuir an Breitheamh Máire Conneely Brian Grendon siar faoi choinneáil chuig Príosún Chnoc na Seamar lena thabhairt ar dtús amárach os comhair na cúirte dúiche, agus as sin go dtí an Chúirt Chuarda don daorbhreith de bhun chúrsaí cánach.