Tá alltacht ar phobal Fhionnghlais i ndiaidh bhás chailín ar bhuail rothar streachailte inné í agus í ar a bealach le bualadh lena buachaill.
Tuigtear gurb í Grace Lynch an cailín a leagadh sa timpiste a tharla thart ar 2.20pm ar Bhóthar Ráth Tó idir Bhaile Scriobail agus Dhún Sinche. Tugadh chuig Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséar tar éis na heachta í, ach bhásaigh sí níos deireanaí de bharr na ngortuithe a bhain di.
Deir an TD áitiúil, Dessie Ellis ó Shinn Féin, gur bhain a bás siar go mór as pobal an cheantair agus go raibh siad trína chéile. Rinne sé comhbhrón le muintir agus le cairde Grace agus dúirt nár fhéad sé a shamhlú an pian atá orthu anois agus cailín álainn a raibh a saol ar fad roimpi amach, imithe uathu.
Dúirt sé freisin go raibh fadhb mhór ann le roinnt mhaith blianta leis na rothair streachailte seo, agus cur ciapadh a bhí iontu. Taispeánann an eachtra thragóideach is deireanaí seo nach leor an reachtaíocht atá anois ann le dul i ngleic leis seo.
Dúirt comhairleoir de chuid Fhianna Fáíl sa cheantar, Keith Connolly go raibh Grace ar a bealach lena buachaill a fheiceáil tráthnóna Domhnaigh nuair a maraíodh go tragóideach í.
Dúirt sé freisin gur ardaíodh ceist na rothar seo ag gach uile fóram ar chúrsaí sábháilteachta a raibh sé i láthair aige le roinnt blianta anuas, ach gur léir nach bhfuil dóthain á dhéanamh le stop a chur leis na daoine a úsáídeann ar bhealach contúirteach iad.
Tá fear óg sna déaga de bhlianta gafa mairid leis an eachtra agus tá sé á cheistiú ag na Gardaí.


