Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An tOllamh Máirtín Ó Murchú tar éis bháis

29 EANÁIR 2026, 20:05

An tOllamh Máirtín Ó Murchú (Le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge)
X Facebook

Tá an scoláire Gaeilge mór le rá an tOllamh Máirtín Ó Murchú tar éis bháis.

Bhí Máirtín Ó Murchú ina Ollamh Sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath idir 1987 agus 2006.

Chaith sé deich gcinn de na blianta sin ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh.

Roimhe sin, bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath idir 1971 agus 1986.

Teangeolaí, canúineolaí agus ceannródaí i sochtheangeolaíocht na Gaeilge a bhí san Ollamh Ó Murchú.

Is iomaí saothar tábhachtach – idir leabhair agus ailt – sna réimsí léinn sin a tháinig uaidh i gcaitheamh a shaoil, lena n-áirítear:

Common Core and Underlying Forms (1969)

Urlabhra agus Pobal (1971)

The Irish Language (1985)

East Perthshire Gaelic: Social History, Phonology, Texts and Lexicon (1989)

Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: tús an athréimnithe (2001)

West Perthshire Gaelic (2021).

Is é an leabhar ar Ghàidhlig Oirthear Shiorrachd Pheairt an saothar is mó a tháinig uaidh, agus an saothar is tábhachtaí, b'fhéidir.

Toradh obair pháirce a rinne sé i measc na gcainteoirí deireanacha Gaeilge sa cheantar sin i lár na hAlban atá sa leabhar.

Murach a chuid oibre, bheadh mioneolas agus saineolas ar an gcanúint sin imithe le sruth na staire.

Rinne sé obair pháirce chomh maith in Uibhist a Deas i dtús na 1960í le haghaidh Shuirbhé Teangeolaíochta na hAlban.

Ina cheann sin ar fad, bhí suim mhór aige i litriú agus i bhfoghraíocht na Gaeilge a chaighdeánú tuilleadh le dúil an teanga a chur chun cinn.

Bhí an tOllamh Ó Murchú pósta ag an oideachasóir Gaeilge aitheanta Helen Ó Murchú.

Maireann a bhean chéile agus a dtriúr clainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ