Tá laghdú de 6,500 ar an líon daltaí atá cláraithe i mbunscoileanna an Stáit i mbliana le hais anuraidh, de réir figiúirí nua ón Roinn Oideachais.
Is é an laghdú ar an líon daoine óga san aoisghrúpa ábhartha ar fud na tíre is bun leis an scéal, de réir dealraimh, chomh maith le hathruithe ar phatrúin oibre agus soghluaisteacht teaghlach.
Treocht leanúnach atá ann, agus na figiúirí ag méadú an t-am ar fad, óir bhí laghdú de 4,000 ann anuraidh agus laghdú de 2,000 arú anuraidh.
Cúis imní atá sa scéal do bhunscoileanna beaga faoin tuath, san iarthar go háirithe.
Ní bheidh aon rogha ag cuid acu ach múinteoirí a ligean chun siúil nó dúnadh mura mbeidh dóthain daltaí acu.
Go deimhin, dhún aon bhunscoil déag ón samhradh seo caite de bharr nach raibh an líon daltaí a theastaigh uathu acu.
Is ar éigean a bhí siad in ann fanacht oscailte roimhe sin agus bhí siad ag brath ar dhaltaí de bhunadh na hÚcráine agus ar dhídeanaithe eile a bhí ina gcónaí go háitiúil ar bhonn sealadach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


