Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

36,284 áras cónaithe tógtha anuraidh, méadú de 20.4%

29 EANÁIR 2026, 15:56

Teastaíonn idir 50,000 agus 60,000 áras cónaithe nua gach bliain, a deir saineolaithe
X Facebook

Tógadh 36,284 áras cónaithe sa Stát anuraidh, ar méadú de 20.4% é sin ó 2023, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Tá na figiúirí nua níos airde ná mar a cheap go leor eacnamaithe a bheadh.

Go deimhin, seo an líon is mó áras cónaithe a tógadh in aon bhliain ó tosaíodh ag cur na bhfigiúirí i dtoll a chéile in 2011.

Tá an Rialtas éirithe as sprioc bhliantúil a leagan amach maidir le tógáil tithe agus ina ionad sin tá sé mar aidhm acu, a deir siad, 300,000 áras cónaithe a thógáil idir 2025 agus deireadh 2030.

Mar sin féin, an t-am seo anuraidh, leag an Rialtas amach sprioc de 41,000 áras cónaithe le haghaidh 2025.

Creidtear, áfach, gur nach mór idir 50,000 agus 60,000 áras cónaithe a thógáil gach aon bhliain le freastal ar an éileamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ