Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear marbh de bharr ionsaithe i mBaile Átha Cliath

31 EANÁIR 2026, 11:32

Gardaí i mBaile Átha Cliath ag fiosrú bás fir
X Facebook

Tá fear sna caogadaí tar éis bháis de bharr an ionsaithe a rinneadh air go moch ar maidin inniu.

Tharla an t-ionsai i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath go gairid roimh leathuair tar éis a 1.

Glaodh amach ar na gardaí agus na seirbhísí éigeandála chuig láthair an ionsaithe ar Ardán Foster i nDroim Chonrach i mBaile Átha Cliath 3.

Fuarthas an fear ansin agus drochghortuithe faighte aige.

Fógraíodh a bhás ar an láthair.

Bhí beirt bhan sa teach freisin a d'fhulaing mionghortuithe.

Tugadh iadsan chuig an ospidéal ach tuigtear nach bhfuil siad i mbaol báis.

Déanfar scrúduithe iarbháis agus dlíeolaíoch níos deireanaí.

Tá na gardaí ag iarraidh ar aon duine a mbeadh aon eolas acu faoinar tharla nó a chonaic tada a theacht chun cinn.