Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Duine maraithe i dtimpiste i gCo.Chill Dara

31 EANÁIR 2026, 14:11

Timpiste i gCo.Chill Dara
X Facebook

Tá duine amháin maraithe i dtmpiste bóthair i gContae Chill Dara.

Duine atá sna caogadaí atá i gceist agus maraíodh é nuair a bhuail carr é i gceantar Bhaile Roibeaird.

B'amhlaidh a bhí an té a maraíodh ag siúl an bhóthair nuair a tharla an taisme.

Bhásaigh sé ar an láthair.

Tá an láthair dúnta le go ndéanfaidh gardaí scrúdú teicniúil.