Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Teorainn idir Gaza agus an Éigipt oscailte arís

01 FEABHRA 2026, 10:50

Otharcharranna ag an teorainn idir Gaza agus an Éigipt
X Facebook

Tá cuid bheag den teorainn idir Gaza agus an Éigipt oscailte in athuair ag údaráis Iosrael ar maidin.

Bhí an teorainn sin dúnta le 2 bhliain.

Deir arm Iosrael atá i mbun maoirseachta ar an teorainn go mbeadh teora leis an líon duine a d'fhéadfadh trasnú ar mhaithe le soláthairtí a chur ar fáil.

Ainneoin go bhfuil sos comhraic ann faoi láthair tá eachtraí foiréigin ag tarlú i gcónaí sa réigiún.

Tuairiscítear gur maraíodh roinnt daoine sa stráice inné a bhuíochas d'ionsaithe ó arm Iosrael.

Deir arm Iosrael gur freagra a bhí anseo ar eachtraí foiréigin faoina raibh an sos comhraic á shárú.

Tá sé ráite ag Iosrael freisin nach bhfuil sé chun cead a thabhairt a thuilleadh don charthanacht idirnáisiúnta Médecins Sans Frontières (Doctors Without Borders) feidhmiú i Gaza.

Deir sé go bhfuil sé á dhéanamh seo mar gur theip ar an eagraíocht liosta a chur ar fáil dá fhoireann Pailistíneach.