Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'B'fhéidir nach mbeinn sa Teach Bán do 17 Márta'-Michelle O'Neill

01 FEABHRA 2026, 15:22

Céad Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill
X Facebook

D'fhéadfadh sé nach bhfreastalódh Céad Aire Thuaisceart Éireann,Michelle O'Neill ar imeachtaí Lá le Pádraig sa Teach Bán i Washington i mbliana.

Ní raibh sí ann anuraidh ach an oiread.

In agallamh le Sky News inniu dúirt sí gur bhain a seasamh anuraidh le ról na Stát Aontaithe sa gcogadh a bhí ar siúl ag Iosrael i Gaza.

Dúirt sí gur 'cinedhíothú' a bhí ag tarlú thall ann ag an am agus gur 'in olcas atá cúrsaí imithe ó shin'.

Dúirt sí freisin go bhfuil an pobal idirnáisiúnta i ndiaidh loiceadh ar phobal Gaza agus go bhfuil i bhfad 'an iomarca saoirse tugtha d'Iosrael thall ann'.

Dúirt Michelle O'Neill go ndéanfadh sí a cinneadh dul ann nó fanacht as sna seachtainí romhainn.