Tá an tIar-Aire Rialtais sa Bhreatain, Peter Mandelson, le héirí as Teach na dTiarnaí i Londain agus líomhaintí déanta gur thug sé eolas íogair rialtais don gciontóir gnéis, nach maireann, Jeffrey Epstein.
Tá ainm iar-ambasadóir na Ríochta Aontaithe chun na Stát Aontaithe luaite roinnt mhaith babhtaí i gcáipéisí ina bhfuil na mílte leathanach agus atá éisithe ag Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe mar chuid do chomhaid Epstein.
Tá sé curtha i leith Mandelson gur sheol sé eolas inmheánach rialtais ar aghaidh go Jeffrey Epstein nuair a bhí sé ina Rúnaí Gnó sa bhliain 2009.
Tá fiosrúchán ar bun ag poilíní anois maidir leis na líomhaintí a bhaineann le hiompar míchuí in oifig phoiblí. Deir Rialtas na Breataine go gcabhróidh siad leis na poilíní ina bhfiosrúchán maidir leis na líomhaintí atá déanta.
Tá sé ráite ag Peter Mandelson go raibh aiféala air go raibh aon aithne aige riamh ar Jeffrey Epstein agus go bhfuil aithreachas air chomh maith gur d'fhan sé i dteagmháil le Epstein i ndiaidh do a bheith ciontaithe.
Idir an dá linn, tá sé i gceist ag an bPáirtí Caomhach vóta a reachtáil i dTeach na dTeachtaí amárach ag impí ar an Rialtas a thuilleadh eolais maidir le Peter Mandelson a fhoilsiú.


