Gearradh téarma príosúin 3 bliana leis an dá bhliain dheireanacha den bpionós sin curtha ar fionraí ar Gharda, a d'ionsaigh déagóir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, le linn do a bheith á ghabháil in 2021.
Dúirt an Breitheamh Pauline Codd gur d'fhág an Garda Lorcan Murphy, 32 bliain d'aois, an déagóir a bhí seacht mbliana déag d'aois ag an am, gan chosaint go dainséarach nuair a d'iompaigh an Garda an déagóir bun os cionn le linn do a bheith á ghabháil.
Dúradh gur fágadh blaosc an déagóra scoilte de dheasca na heachtra agus go raibh sé gortaithe dá bharr.
Dúirt an Breitheamh nach raibh gá leis an lámh láidir a d'úsáid an Garda Murphy agus gur ionsaí thar fóir a bhí ann mar nach raibh aon bhaol ann ón ndéagóir a bhí in luí béal faoi agus glais lámh air.
Tharla an eachtra i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath i Meitheamh 2021, le linn do shrianta Covid-19 a bheith i bhfeidhm sa tír.
Phléadáil an Garda Murphy ciontach i ndá chúis do dhíobháil a dhéanamh don ndéagóir, ach i ndiaidh do a bheith ar a thriail Mí Iúil seo caite, fuair giúiré an Garda Murphy ciontach d'aon ghuth.


