Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Imní faoi chearta bainte feamainne i gConamara

03 FEABHRA 2026, 18:19

Imní faoi chearta bainte feamainne i gConamara
X Facebook

Bhí suas le 300 duine i láthair ag cruinniú poiblí i gConamara aréir chun na hiarratais atá déanta ag an gcomhlacht, Arramara Teoranta, ar cheadúnais chun feamainn a bhaint, a phlé.

Tá imní ar lucht bainte feamainne sa cheantar nach dtabharfar aird ar na cearta traidisiúnta ațá acu mar nach bhfuil go leor acu cláraithe go dtí seo.

Deir Arramara Teoranta gur déanadh iarracht mhór leis na cladaigh a bhfuil cearta ag dul leo a fhágáil as na hiarrataisí atá déanta acu.

Tá 5 cinn do iarrataisí ar cheadúnais bainte feamainne déanta ag an gcomhlacht próiseála feamainne Arramara Teoranta i gCill Chiaráin, ar stráicí a shíneann ó Bhaile an tSléibhe i Ros an Mhíl go Cloch na Rón i gConamara.

Is leis an Údarás Stáit, MARA, atá an t-iarratas déanta agus deir Arramara Teo gur le soláthar feamainne a chinntiú don phróiseas próiseála, atáthar ag déanamh na n-iarratas.

Tá imní ar bhainteoirí feamainne go gcaillfidh siad a gcuid cearta traidisiúnta má éiríonn leis an gcomhlacht na ceadúnais a fháil.

Tuigtear go bhféadfadh suas le 2,500 fóilió a bheith i gceist sna stráicí atá sna hiarrataisí. Léiríodh ag an gcruinniú aréir nach bhfuil go leor do na daoine a bhfuil cearta tradisiúnta acu ar na stráicí seo cláraithe go fóill.

D'fhreastail suas le 300 duine ar chruinniú poiblí i Ros Muc aréir a d'eagraigh an Comhairleoir Contae Neamhspleách Noel Thomas.

Léirigh bainteoirí feamainne an-imní faoi go bhfuil fóilió le bainteoirí san áireamh ar na mapaí atá sna hiarrataisí ag Arramara.

Ardaíodh cinneadh a rinne an tAire Damien English in 2018 bunaithe ar Chomhairle ón Ard-Aighne, a deir nach féidir leis an Roinn ceadúnas a thabhairt ar stráice le feamainn a bhaint sa chás is go bhfuil cearta bainte feamainne i bhfeidhm cheana fhéin.

I ráiteas a thug Arramara Teoranta do lucht eagraithe an chruinnithe aréir, dúradh gur déanadh obair mhór le Taillte Éireann leis an urthrá a bhfuil cearta ag dul leis a fhágáil as na hiarrataisí atá déanta acu le MARA.

Ach tugadh le fios ag cruinniú na hoíche aréir go bhfuil costas mór i gceist ar dhaoine aonair a gcuid cearta a chlárú agus go bhfuil go leor nach bhfuil cláraithe go fóill.

I ráiteas ó MARA, deir siad go mbeidh siad ag dul sa tóir ar dhintiúirí a bhaineann le cearta ațá i bhfeidhm sa cheantar ar a bhfuil ceadúnas á lorg agus go mbeidh siad ag iarraidh a dheimhniú go bhfuil cead faighte ó úinéirí ag an té atá ag lorg ceadúnais.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar Nuacht TG4 ag 19:00