Tá 21 duine, seisear gasúr ina measc, maraithe ó mhaidin ag Arm Iosrael in Gaza agus tá cosc curtha an athuair acu ar theacht isteach ná amach ag trasbhealach Rafah ar an teorainn idir an Phalaistín agus an Éigipt, áit a raibh othair ag trasnú le 2 lá le cóir leighis a fháil.
I meac na marbh tá oibrí leighis a rith le cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí leonta ag ionsaí, agus a maraíodh é féin nuair a déanadh an dara ionsaí ar an láthair chéanna, a deir dochtúirí san áit.
Deir an tArm gur ionsaigh tancanna agus eitleáin chogaidh "spriocanna tar éis d'fhear gunna scaoileadh le saighdiúirí agus duine acu a ghortú go dona."
Ar Chathair Gaza agus ar chathair Khan Younis a díríodh na hionsaithe, inar maraíodh seisear gasúr, páiste 5 mhí d'aois ina measc.
Arú inné mharaigh siad 32 duine, seisear gasúr ina measc.
Tá feidhmeannaigh sláinte sa Stráice Gafa tar éis a thabhairt le fios freisin go bhfuil Iosrael tar éis deireadh a chur arís leis an mbealach amach i Rafah a bhí ceadaithe ó Dé Luain acu, gan ceadaithe amach as Gaza ach cúpla scór duine as na scórtha míle atá ag feitheamh le cóir leighis in ospidéil san Éigipt.
Bhí trasbhealach Rafah dúnta ag Arm Iosrael ó ghabh siad é 18 mí ó shin, agus tá muintir Ghaza sáinnithe ó shin.
Urlabhraí ón gCorrán Dearg a deir go raibh othair tar éis bailiú in ospidéal i Khan Younis as áiteacha éagsúla i nGaza agus iad ceadaithe le fágáil tré Rafah, ach go bhfuil sé ráite anois leo go bhfuil an cead-amach "curtha ar athló".
Deir COGAT, an tÚdarás in Iosrael a bhfuil smacht acu ar na bealaí isteach agus amach as Gaza, nach bhfuil Rafah dúnta, ach nach bhfuil na "sonraí comhordaithe cuí" faighte acu ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (an WHO).
Níl aon fhreagra faoin ráiteas sin tagtha go fóill ón WHO.
An mhí seo caite a d'fhógair an tUachtarán Trump go raibh Rafah le n-ath-oscailt mar chuid den Dara Céim den sos cogaidh idir Gluaiseacht Hamas agus Rialtas Iosrael, sos atá i bhfeidhm le 4 mhí, tréimhse ina bhfuil os cionn 500 Palaistíneach maraithe ag an Arm agus ceathrar dá gcuid saighdiúirí maraithe ag ceannaircigh Palaistíneacha.
Mar chuid den Dara Céim chomh maith tá Arm Iosrael in ainm is tarraingt amach as Gaza - sula dtosaítear ag cur airm Hamas ó mhaith - ach níl an tArm tar éis bogadh ón "Líne Bhuí" atá cumtha acu, faoina bhfuil breis is leath an Limistéir fós ina seilbh.


