"Dlí Grace", in ómós do Grace Lynch, a thabharfar ar an reachtaíocht nua le cosc a chur ar ghluaisrothair streachailte in áiteanna poiblí a deir an Taoiseach.
Agus é ar a bhealach isteach ag cruinniú seachtainiúil an Rialtais a dúirt Micheál Martin an méid sin agus dúirt sé gurbh í máthair Grace, Siobhán, a mhol an t-ainm.
Tá rialacháin curtha chun cinn ag an Aire Iompair Darragh O'Brien leis an gcosc a fheidhmiú agus leis na hordaithe forfheidhmiúcháin atá ag na Gardaí faoi láthair a neartú go mbeidh sé níos éasca gluaisrothair a ghabháil agus a chur ó mhaith.

Tá súil an réimeas nua a bheith ag feidhmiú as seo go ceann roinnt seachtainí agus idir an dá linn tá na rialacháin le leasú leis na táillí lae a ghearrtar ar ghluaisrothair gafa a ardú.
Caithfear ar dtús a deir an tAire O'Brien "brí sa dlí" a aimsiú don ghluaisrothar streachailte "agus tá muid ag obair air sin leis an Ard-Aighne" a dúirt an tAire.
Roimh chruinniú an Rialtais freisin a labhair an Tánaiste faoin "imeaglú ar dhaoine" atá ar bun a dúirt sé ag gluaisrothaithe streachailte agus "an chontúirt an-mhór" a bhaineann leo ar na bóithre.
"Má tá gluaisrothar streachailte ag duine ar bhóthar poiblí nó in aon áit phoiblí" a dúirt Simon Harris "ba chóir an fheithicil a ghabháil agus í a chur ó mhaith.
Ní maith ar bith an gluaisrothar streachailte a thógáil ó dhuine ar feadh cúpla uair a chloig sula dtagann an duine ar ais á lorg."
Tá rialacháin nua á ndréachtú freisin a deir an Rialtas faoi rothair leictreacha agus scútair leictreacha, ina measc go mbeidh sé éigeantach clogad agus feisteas sofheicthe a chaitheamh feasta.
Níl sé coicís ó bhuail gluaisrothar streachailte Grace Lynch ar Bhóthar Ráth Tó, idir Baile Scriobail agus Dún Sinche, an 25ú Eanáir. Tugadh go hOspidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir í, áit ar bhásaigh sí de bharr a cuid gortuithe.
Leasaíodh 'Acht na mBóithre 1994' sa mbliain 2023 ionas gur sárú ar an dlí a bheadh ann tiomáint go meargánta ar ghluaisrothar streachailte nó ar chuadrothar in aon áit phoiblí, agus ionas go gcaithfeadh gach gluaisrothar streachailte a bheith faoi cháin agus árachas agus á tiomáint ag duine a bheadh le cois 16 bliain d'aois.


