Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Saoiste DAA Kenny Jacobs "ag seasamh siar dá dheoin féin"

05 FEABHRA 2026, 11:37

Tá aighneas ó anuraidh idir Kenny Jacobs agus an DAA
X Facebook

Tá sé ráite leis an ArdChúirt go bhfuil Kenny Jacobs agus an DAA (Údarás Aerfort Átha Cliath) tagtha ar shocrú ar an aighneas a bhí eatartha agus go bhfuil an Príomhfheidhmeannach "ag seasamh siar dá dheoin féin".

Bhí cás dlí á thionscain ag Kenny Jacobs in aghaidh an fhostóra, le cead a thabhairt dó filleadh ar an obair, cás a bhí le héisteacht inniu agus amárach.

Ach d'inis Mairéad McKenna, abhcóide thar ceann an Údaráis, don Chúirt ar maidin go bhuil socrú déanta ag an dá pháirtí "ar théarmaí a shásaíonn an dá thaobh".

D'fhógair an Breitheamh Marguerite Bolger go raibh sí chun an cás ar fad a chaitheamh amach agus mhol sí an dá thaobh agus a gcuid uiríoll faoi theacht ar shocrú "faoi ábhar an-chasta is léir."

Bhí dhá líomhain eile curtha in aghaidh an Phríomhfheidhmeannaigh roimhe sin, ach fritheadh nach raibh aon bhunús leo i bhfiosrúchán a rinne an t- abhcóide Mark Connaughton.

I mionnscríbhinn a chuir sé faoi bhráid na hArdCúirte, dúirt Kenny Jacobs go raibh 20 líomhain eile anois "réitithe ina aghaidh le súil go rachadh fiosrúchán úr ina choinne."

An mhí seo caite a thionscain sé an cás dlí in aghaidh an DAA, ag lorg ordú cúirte ag cur srian ar fhiosrú disiplíne agus ordú cúirte ag cur ar ceal an fhionraíocht a bhí curtha air ó bhord stiúrthóirí an Údaráis.

Bhí míonna fada achrainn roimhe sin idir Jacobs agus an bord.