Tá daoine ag íoc an iomarca - ó thaobh luach an tí - agus bíonn moill go minic fiú agus margadh déanta, rud is cúis le strus ar cheannaitheoirí, de réir thaighde nua ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (an ESRI).
Léirítear go gcreideann ceannaitheoirí gur cheart go mbeadh córas feiceálach tairisceana ar-líne níos cothroime, ach gurbh é a mhalairt an scéal, agus gur airde praghasanna tithe faoin gcóras sin ná aon phróiseas eile.
Léirítear freisin gur mó seans go rachaidh ceannaitheoirí thar an mbuiséad atá acu agus iad ag ceannacht ar ceant agus go n-íocfaidh siad níos mó ná an luach a chreid siad féin a bhí ag an teach.
800 duine fásta, ionadaíoch ar an daonra go náisiúnta, a thug faoi cheant i dturgnamh cóimheasta a bhí i gceist san staidéar, a bhí maoinithe ag an gCoimisiún Iomaíochta agus Cosaint Tomhaltóirí.
Bhí suirbhé, sonraithe go mion, i gceist freisin ar an méid a raibh ceannaitheoirí agus díoltóirí ag súil leis, agus mar a bhraith siad ina dhiaidh.
Is léir óna torthaí a deir an ESRI go bhfuil "bearnaí móra san tuiscint atá ag daoine ar a gcuid cearta agus a gcuid dualgais".
Cé gur thuig dhá thríú cuid de na daoine gur sárú ar an dlí é go nglacfadh díoltóir le níos mó ná éarlais amháin ar an teach céanna, níor thuig ach an cúigiú cuid de na daoine go bhfuil sé dleathúil ag díoltóir leanacht orthu ag tairiscint tí fiú i gcás "díolachán aontaithe".
Níorbh eol d'fhormhór daoine ach an oiread go bhfuil sé de cheart ag ceannaitheoir tarraingt siar ó mhargadh, gan pionós, sula mbíonn conradh sínithe.
Deir an taighde gur chuir "constaic a raibh strus ag baint leis" as de 63% de na daoine a raibh teach ceannaithe acu.
Ach tá an brú sin ag gabháil in olcais de réir an taighde, agus 80% de dhaoine i gceist i gcás ceannacht le 3 bliana anuas.
Moill an chonstaic is minicí a mbíonn ceannaitheoirí thíos leis.
De réir an tsuirbhé bhí moill i gceist le tíolacadh i gcás an tríú cuid de cheannaitheoirí tithe dara-láimhe, agus cuireadh moill ar an gceathrú cuid de cheannaitheoirí tithe nua.
Deir díoltóirí san suirbhé gur moill le tíolacadh freisin an t-údar is mó struis acusan.
"Measann muid" a dúirt an Dr Deirdre Robertson, Oifigeach Sinsearach Taighde leis an ESRI, "go mbuaileann 'fiabhras ceant' daoine, go gcreideann siad gur comórtas é agus go bhfuil siad dírithe ar an lámh in uachtar a fháil. D'fhéadfadh sé go bhfuil ceannaitheoir tar éis tairiscint a dhéanamh ar theach, go dtéann tairiscint eile os a chionn sin, agus go leanann ceannaitheoir go míréasúnach ag ardú agus ag ardú a dtairiscint".


