Tá póilíní i Sydney tar éis ruathar a thabhairt faoi dhaoine agus sprae piobair a chaitheamh leo le linn agóide in aghaidh chuairt Uachtarán Iosrael.
Tá Isaac Herzog le 4 lá a chaitheamh san Astráil le sólás a thabhairt don Phobal Giúdach tar éis an ionsaí gunna mí na Nollag ar Thrá Bondi i Sydney inar maraíodh 15 duine a bhí cruinnithe le chéile ag ceiliúradh Fhéile Hanukkah.
Ach tá agóidí in aghaidh na cuairte eagraithe sa dá chathair is mó san Astráil, agus tá na póilíní i Sydney tar éis lucht agóide agus lucht meán, iriseoirí AFP ina measc, a ionsaí le sprae piobair.
Deir tuairisceoir amháin le AFP gur gabhadh ar a laghad 15 lucht agóide.
Bhailigh slua mór freisin i gcathair Melbourne, ag éileamh "deireadh le forghabháil Iosrael" ar Chríocha Gafa na Palaistíne.
Tá PríomhAire na hAstráile Anthony Albanese ag impí ar dhaoine meas a bheith acu ar an gcúis le cuairt an Uachtaráin agus deir sé go mbeidh sé ina theannta agus é ag casadh le muintir na marbh.

Tá an Rialtas i stát New South Wales tar éis cumhachtaí sa mbreis a bhronnadh ar na póilíní "le lucht léirsiúcháin a smachtú".
Theip ar iarracht a rinne lucht agóide na cumhachtaí nua sin a chur ar neamhní i gCúirt Uachtarach an stáit díreach sular thosaigh an léirsiú i Sydney.
Roimhe sin leag an tUachtarán Herzog bláthfhleasc i gcuimhne ar na mairbh ag an Bondi Pavilion.
"Tá gaol láidir idir daoine den uile chreideamh agus náisiún" a dúirt ceann stáit Iosrael "agus mairfidh an gaol sin agus tiocfaidh muid slán ón sceimhle, ón bhfoiréagan, ón bhfuath".
Leag sé dhá chloch a bhí tugtha leis aige as Iarúsailéim a dúirt sé "i gcuimhne beannaithe ar na mairbh".
Mhol sé "céimeanna dearfacha" a dúirt sé atá tógtha ag Rialtas na hAstráile "le ghabháil i ngleic leis an bhFrithSheimíteachas" agus é ag tagairt do dhlíthe níos géire in aghaidh gunnaí agus in aghaidh choireanna fuatha atá feidhmithe tar éis an ionsaithe aimsir Hanukkah.
I measc na ndaoine a maraíodh i Bondi bhí fear 87 bliain d'aois a tháinig slán ó Uileloscadh na Naitsithe agus cailín beag 10 mbliana d'aois.
Mharaigh póilíní duine den bheirt fhear gunna - Sajid Akram a bhí 50 - fear de bhunú India a bhí san Astráil ó 1998.
Tá mac leis Naveed - saoránach 24 bliain d'aois a rugadh san Astráil - cúisithe in 15 duine a dhúnmharú.
Tá Giúdaigh go leor san Astráil tar éis fáilte a chuir roimh chuairt an Uachtaráin Herzog.
"Tabharfaidh an chuairt ardú meanma do phobal i bpian" a deir Alex Ryvchin, comh-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Fheidhmiúcháin Ghiúdaigh na hAstráile.
Ach tá Giúdaigh eile, Comhairle Ghiúdaigh na hAstráile ina measc, a deir nár chóir don Uachtarán a bheith tagtha mar gheall "ar an mbaint atá aige le ollscriosadh leanúnach Ghaza".
Thug Coimisiún Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe breithiúnas anuraidh go bhféadfaí an dlí a chuir ar an Uachtarán Herzog as cinedhíothú a spreagadh tar éis dó a rá go raibh "na Palaistínigh ar fad, náisiún iomlán díbh" freagrach as ionsaí Hamas ar Iosrael.
Deir Iosrael go bhfuil an fhírinne curtha as an riocht ag an gCoimisiún agus gur cheart iad a scoradh.
Dúirt Isaac Herzog inniu go bhfuil sé san Astráil "le dea-rún" agus chuir sé i leith lucht agóide go raibh siad "ag iarraidh an bonn a bhaint ó Iosrael agus mídhlisteanú a dhéanamh ar Iosrael".


