Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

An tsúil ribe ag fáisceadh ar Starmer

09 FEABHRA 2026, 15:28

Keir Starmer agus Anas Sarwar sa gcúlra
X Facebook

Níl sé i gceist ag PríomhAire na Breataine Keir Starmer érí as oifig agus tá sé "dírithe ar an obair atá le déanamh leis an tír a leasú" arsa Sráid Downing tráthnóna.

Ach tá an brú ag méadú agus Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre in Albain Anas Sarwar tar éis preasócáid a eagrú i nGlaschú ag iarraidh go poiblí ar Starmer imeacht.

Scottish Labour leader Anas Sarwar standing in front of Sta Andrew's cross with a logo
Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre in Albain tráthnóna

Dúirt sé "nach cinneadh éasca a bhí ann", go raibh sé tar éis labhairt leis an bPríomhAire roimh ré, ach go raibh an ghéarchéim atá ag tarlú ag cur as do chlár-oibre an pháirtí agus an Rialtais agus go gcaithfear deireadh a chur le réimeas Starmer.

Dúirt Sarwar go raibh Rialtas nua de dhíth in Albain - áit a bhfuil an Páirtí Náisiúnach an SNP anois i gcumhacht - agus go gcaithfidh athrú a bheith in Uimhir a 10 Sráid Downing má tá Páirtí an Lucht Oibre le gabháil chun cinn a dhéanamh sna toghcháin áitiúla mí na Bealtaine.

Ach tá Airí go leor sa Rialtas i Londain - Rachel Reeves, Yvette Cooper, John Healey, Ed Miliband, Heidi Alexander, Pat McFadden agus Steve Reed ina measc - ag seasamh le Starmer go poiblí ar na meáin shóisialta faoi láthair, agus tá an Leas-PhríomhAire David Lammy tar éis a rá gur chóir don pháirtí ar fad seasamh go treán leis an saoiste "a bhuaigh tromlach ollmhór san olltoghchán 18 mí ó shin" agus atá anois ag iarraidh "misean Pháirtí an Lucht Oibre an Bhreatain a athrú a chur i gcrích".

composite image of keir starmer and morgan mcsweeney
Keir Starmer agus a chomhairleoir díl Morgan McSweeney, de bhunú Chorcaí ó dhúchas, cara mór le Peter Mandelson

Ó mhaidin tá stiúrthóir cumarsáide Starmer Tim Allan tar éis éirí as, ag leanacht sampla an cheann foirne Morgan McSweeney inné.

Bhíodh Allan tráth ina chomhairleoir ag Tony Blair, agus níl sé ag feidhmiú thar ceann Starmer ach ó mhí Mheán an Fhómhair nuair a hearcaíodh é leis an sruth cumarsáide idir ranna rialtais a fheabhsú.

Tá Keir Starmer le ghabháil os comhair chruinniú den pháirtí parlaiminte fós anocht agus é ag iarraidh a theacht slán as an achrann atá tarraingthe aige air féin de bharr Peter Mandelson.

Former UK government minister Peter Mandelson pictured with British Prime Minister Keir Starmer
Mandelson agus Starmer mí Feabhra anuraidh in Áras an Ambasadóra i Washington

Tá olc go forleathan ar fheisirí de chuid an Lucht Oibre faoin gcaoi ar ceapadh Mandelson ina Ambasadóir chun na Stát Aontaithe agus fios ag an bPríomhAire gur lean an gaol gar a bhí idir Mandelson agus Jeffrey Epstein i bhfad i ndiaidh chiontú agus phríosúnú an airgeadaí ar chúiseamh faoi choireanna gnéis in aghaidh ghasúir.

Inné agus é ag éirí as dúirt McSweeney gur ghlac sé "freagracht iomlán" as comhairle a chur ar an bPríomhAire as ar déanadh "ceapúchán mícheart".

Ach is ag Starmer a bhí an cinneadh críochnúil.

Agus fáisceoidh an tsúil ribe tuilleadh agus na scórtha míle rphost agus teachtaireacht agus cáipéis le foilsiú ag Rialtas na Breataine faoi cheapúchán Mandelson.

Jeffrey Epstein seen on a boat
Jeffrey Epstein a bhásaigh sa bpríosún i 2019 "de bharr féin-mharú" sula raibh sé le cur ar a thriail arís

Creideann Starmer go léireofar na bréaga a chum Mandelson faoin ngaol a bhí aige le Epstein.

Ach de réir fhoinse atá tar éis eolas a sceitheadh leis an nGuardian, léireofar freisin gur chuir Oifig an Rialtais fainic an-soiléir ar an bPríomhAire gan an Ambasadóireacht a bhronnadh ar Mandelson.

Is léir anois óna cáipéisí atá foilsithe ag Réimeas Washington san bhfiosrúchán leanúnach faoi Epstein go raibh Mandelson ag sceitheadh eolais chuige ó chruinnithe a bhí ag Rialtas Londain, faoi na rialacháin nua a bhí á mbreithniú ag Rialtas na Breataine faoi chúrsaí airgeadais agus baincéireachta.

' />