Tá fear sna fichidí fós á cheistiú ag na Gardaí maidir le dúnmharú Daniel Aruebose, an buachaill trí bliana d'aois a bhfuarthas a chnámhiarsmaí i nDomhnach Bat i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath an fómhar seo caite.
Gabhadh an fear ag Aerfort Bhaile Átha Cliath inné tar éis do na húdaráis sa Bhrasaíl é a dhíbirt as an tír sin.
Bhí Daniel Aruebose ina chónaí in Árasáin an Ghailearaí i nDomhnach Bat nuair a chonacthas é go deireanach in 2021 agus fuarthas a chnámhiarsmaí ar thalamh gan saothrú ar Bhóthar Phort Reachrann sa cheantar céanna ar an 17 Meán Fómhair anuraidh.
Thosaigh na Gardaí ag cuardach don bhuachaill nuair a chuir an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla, an cás ar a súile dóibh.
Tháinig an chúis chun solais nuair a rinneadh iarratas ar íocaíocht leasa shóisialta.
Nuair a fiosraíodh an t-iarratas tuilleadh, áfach, fuarthas amach nach raibh aon chruthúnas ann go ndeachaigh an buachaill ar scoil riamh.
Gabhadh bean sna fichidí faoin gcás roimh an Nollaig ach scaoileadh saor í gan aon chion a chur ina leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


