Tabharfar don deachú daoine atá i dtaobh leis an earnáil cíosa mar gheall ar reachtaíocht nua atá le rith i nDáil Éireann anocht, dar le ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.
Bronntanas mór millteach do thiarnaí talún agus do lucht creach-chistí atá sa reachtaíocht nua, arsa sí, nach mbeidh mar thoradh air ach rogha an dá dhíogha a fhágáil ag daoine, is é sin imirce a dhéanamh nó dul chun cónaithe lena muintir an athuair.
Ag labhairt di sa Dáil, mhaígh Mary Lou McDonald go bhfágfaidh an reachtaíocht daoine eile fós gan dídean nó gan acu ach cóiríocht éigeandála.
Dar léi go mbeidh ar thionóntaí i nGaillimh, cuir i gcás, €5,000 breise sa bhliain a íoc de bharr a bhfuil beartaithe, €3,000 breise i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.
D'easaontaigh an Taoiseach Micheál Martin léi agus dúirt go mbeidh níos mó daingneachta agus níos mó cinnteachta ag baint leis an earnáil cíosa mar gheall ar an reachtaíocht.
Mar le tionóntaí, beidh léas sé bliana ar a laghad acu ó thús na míosa seo chugainn, a fhad is nach sáraíonn siad an comhaontú atá sa léas, agus mar le tiarnaí talún, beidh cead acusan cíos a iarraidh de réir ráta an mhargaidh nuair a fhágfas tionónta áras conaithe.
Tosóidh an díospóireacht ar an reachtaíocht sa Dáil ag 6 a chlog tráthnóna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


