Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dúnmharú Pat Finucane: moill ar fhiosrúchán poiblí cáinte

12 FEABHRA 2026, 12:25

Geraldine Finucane ag preasócáid i mBéal Feirste in 2024 tar éis do Rialtas na Breataine an fiosrúchán poiblí a fhógairt
X Facebook

Tá Rialtas na Breataine cáinte ag baintreach an aturnae Pat Finucane as moill a chur ar an bhfiosrúchán poiblí faoina dhúnmharú.

Lámhach agus mharaigh dílseoirí ón UDA Pat Finucane os comhair a theaghlaigh ina dteach cónaithe i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Feabhra 1989, 37 bliain go ham seo.

Creidtear go raibh lámh ag fórsaí slándála na Breataine i ndúnmharú Pat Finucance mar gheall ar an ionadaíocht dhlíthiúil a dhéanadh sé ar son comhaltaí den IRA.

Gortaíodh a bhean chéile, Geraldine, san ionsaí lámhaigh agus tá sí ag achainí ar Rialtas na Breataine an gealltanas a thug siad in 2024 fiosrúchán poiblí a bhunú, an gealltanas sin a chomhlíonadh gan a thuilleadh moille.

Cé gur ceapadh cathaoirleach ar an bhfiosrúchán an samhradh seo caite níl na téarmaí tagartha leagtha amach fós, gan trácht ar thús a chur leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ