Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Séamus Culleton: barántas binse eisithe ina leith in 2009

12 FEABHRA 2026, 18:58

Séamus Culleton agus a bhean chéile Tiffany Smyth ag cluiche NFL sna Stáit Aontaithe
X Facebook

Séamus Culleton, an t-imirceach as Éirinn atá faoi choinneáil sna Stáit Aontaithe agus a bhfuil a chás i mbéal an phobail, tá sé tagtha chun solais ina thaobh go raibh sé le teacht os comhair cúirte sa tír seo thart ar an am a chuaigh sé anonn in 2009.

Bhí Séamus Culleton cúisithe sa tír seo i ndrugaí a bheith ina sheilbh aige sa Ghleann Mór i gCo Chill Chainnigh, a áit dhúchais, i mí na Bealtaine 2008 agus rún aige iad a dhíol agus a sholáthar.

Eisíodh barántas binse ina leith nuair nár tháinig sé i láthair Chúirt Dúiche Ros Mhic Thriúin i gCo Loch Garman i mí Aibreáin 2009, mí tar éis dó dul go Meiriceá. Thart ar 21 bliain d'aois a bhí sé ag an am.

Tá an Codlatánach i ngéibheann in ionad coinneála inimirce in El Paso, Texas, ó ghabh gníomhairí inimirce é i mBostún, a áit chónaithe, sé mhí ó shin.

Dar lena dhlíodóir thall, bhí fear Chill Chainnigh ar tí cead oifigiúil a fháil cónaí go buan sna Stáit Aontaithe nuair a gabhadh é agus bhí ceadúnas oibre aige cheana féin.

Dúirt an dlíodóir freisin nach raibh a fhios aici dada faoin mbarántas binse roimhe seo agus mhaígh sí nach mbeadh a fhios ag a cliant dada faoi ach an oiread mar go raibh sé i Meiriceá nuair a eisíodh é.

Ar aon chuma, arsa sí, ní hionann barántas agus ciontú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ