Tá sé ráite ag an Taoiseach Micheál Martin gur cheart dul ar aghaidh leis an dá chluiche sacair atá le himirt idir Éire agus Iosrael i Sraith na Náisiún níos deireanaí i mbliana.
Tá an dá thír sa ghrúpa céanna i Sraith na Náisiún, in éindí leis an gCosaiv agus an Ostair.
Tá sé deimhnithe cheana ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) go gcomhlíonfar an dualgas óna dtaobh siúd de agus go n-imreofar an dá chluiche in aghaidh Iosrael, as baile ar an 27 Meán Fómhair agus sa bhaile seachtain ina dhiaidh sin ar an 4 Deireadh Fómhair.
Dúirt an Taoiseach gur chreid sé go raibh an cinneadh ceart déanta ag an FAI.
Tá an cinneadh cáinte go láidir ag Sinn Féin, áfach, go háirithe i bhfianaise an rúin a chuir an FAI faoi bhráid Aontas Chumainn Sacair na hEorpa anuraidh ag moladh cosc a chur ar Iosrael páirt a ghlacadh i gcomórtais Eorpacha.
Deir Sinn Féin go léiríonn sin gur ó bhéal seachas ó chroí a thagann moráltacht an FAI.
Níl sé soiléir fós cá n-imreofar an dá chluiche san fhómhar ach tá sé deimhnithe ag RTÉ go gcraolfar iad ar an stáisiún sin pé áit a mbeidh siad ar siúl.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


