Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tascfhórsa nua iascaireachta ag teacht le chéile

16 FEABHRA 2026, 10:13

Cé na Cille Móire i gCo Loch Garman
X Facebook

Tiocfaidh tascfhórsa nua iascaireachta le chéile den chéad uair i mBinn Éadair i mBaile Átha Cliath inniu leis an gciorrú atá déanta ag an Aontas Eorpach ar chuótaí éisc na hÉireann a chíoradh agus le straitéis chun cabhrú le hiascairí a leagan amach.

Tá cuótaí éisc ciorraithe an tríú cuid i mbliana – thart ar 57,000 tonna – agus deir ionadaithe na n-iascairí go gcaillfidh an tionscal iascaireachta €105 milliún agus go bhfuil 2,300 post i mbaol dá bharr sin.

Deirtear go bhfuil an ciorrú chomh suntasach sin go bhfuil cuóta murlas na bliana seo gafa cheana féin i ngeábh amháin ag roinnt iascairí.

Ró-iascaireacht le trí scór bliain máthair an oilc, cad eile, agus deir an tAontas Eorpach nach bhfuil aon rogha ann ach a bhfuil fanta den stoc a chaomhnú.

Tá go breá, a deir iascairí na hÉireann agus an Rialtas araon, ach is báid ó thíortha eile atá ag bánú uiscí na tíre seo agus caithfear dul i ngleic leis sin thar aon ní eile, dar leo.

Is báid ón Iorua, ón Íoslainn agus ó na hOileáin Fharó is mó atá i gceist.

An tAire Stáit a bhfuil cúraimí iascaireachta air, Timmy Dooley, seolfaidh sé féin agus Aire na Mara Martin Heydon an tascfhórsa nua inniu.

Is é Michael Berkery, iar-phríomhfheidhmeannach Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, atá ceaptha ina chathaoirleach ar an tascfhórsa agus é de chúram air tuarascáil a dhréachtú faoi thús an tsamhraidh.

Tá Údarás na Gaeltachta ar cheann de na gníomhaireachtaí Stáit a bheas rannpháirteach sa tascfhórsa.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ