Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Mí curtha le téarma príosúin fir a rinne ciapadh ar pholaiteoir

16 FEABHRA 2026, 16:04

Seán Tyrrell a phléadáil ciontach anuraidh sna coireanna a cuireadh ina leith
X Facebook

Tá mí bhreise curtha leis an téarma príosúin ceithre mhí a gearradh anuraidh ar fhear 39 bliain d'aois as Co Chill Chainnigh faoi chiapadh a dhéanamh ar a iarpháirtí, an polaiteoir aitheanta ó Shinn Féin Kathleen Funchion.

I gCúirt Dúiche Chill Chainnigh mí Aibreáin seo caite, phleádáil Seán Tyrrell as an Loch Buí ciontach sna coireanna a cuireadh ina leith.

Ag an am, gearradh ceithre mhí príosúin air chomh maith le ceithre mhí príosúin ar fionraí.

Cheap sé féin go raibh an phianbhreith sin ródhian, áfach, agus rinne achomharc.

I gCúirt Chuarda Chill Chainnigh inniu, más ea, is amhlaidh a chuir an Breitheamh Cormac Quinn mí bhreise leis an téarma príosúnachta agus leis an téarma fionraíochta araon.

Kathleen Funchion

Is Feisire Eorpach í Kathleen Funchion anois ach Teachta Dála a bhí inti nuair a rinne Seán Tyrrell ciapadh uirthi mí Lúnasa 2022.

Dúradh sa chúirt gur bhagair Seán Tyrrell líomhaintí a tharraingeodh náire ar Kathleen Funchion a nochtadh go leictreonach.

Dúirt an Breitheamh Quinn nach raibh aon fhírinne sna líomhaintí sin agus gur chuir a raibh déanta ag Seán Tyrrell buaireamh an-mhór ar Kathleen Funchion.

I ndiaidh an bhreithiúnais, dúirt Kathleen Funchion go raibh sí sásta gur cuireadh an fear i bpríosún ar deireadh agus mhol sí an breitheamh as aird a thabhairt ar a fulaingt.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ