Tá an ceannródaí cearta sibhialta as na Stáit Aontaithe, an tUrramach Jesse Jackson tar éis bháis. Bhí sé 84 bliain d'aois.
Rugadh Jesse Jackson i South Carolina i 1941 agus bhí an-bhaint aige le cúrsaí polaitíochta ó bhí sé an-óg.
Bhí baint mhór aige leis an ngluaiseacht cearta sibhialta i Meiriceá sna seascaidí agus d'oibrigh sé go díograiseach chun comhionannas a bhaint amach dá phobal féin.
Bhí Jackson ag troid ar son chearta sibhialta taobh le Martin Luther King sna seascaidí. Bhí sé i láthair nuair a feallmharaíodh Martin Luther King i Memphis, Tennessee, in 1968.
Bhí sé ina iarrathóir dhá bhabhta d'ainmniúchán Uachtaránachta an pháirtí Dhaonlathaigh in 1984 agus arís in 1988.
Thacaigh Jesse Jackson go mór le feachtas Barack Obama, beart a dúirt go leor ag an am a spreag an pobal dubh le vóta a chaitheamh do Obama agus a raibh tionchar mór aige ar an toradh i dToghchán na hUachtaránachta in 2009.
In 2017, tugadh le fios go raibh an galar Parkinson ar Jesse Jackson.
D'imigh Jackson ar shlí na fírinne go síochánta ar maidin lena theaghlach mórthimpeall air.
Maireann a bhean Jacqueline agus seisear leanaí.


