Ta fiosrúchán ar bun ag an gComisiún Eorpach maidir leis an gcomhlacht Shein ón tSín a dhíolann earraí ar líne ar fud an domhain.
Deir an Comisiún Eorpach go bhfuil tús curtha leis an bhfiosrúchán mar ceaptar go bhfuil dlithe na hEorpa sáraithe ag Shein agus babóga gnéis leanbaí á ndíol acu ar líne, i measc earraí eile a sháraíonn na dlithe, a mheastar.
I Mí na Samhna, rinne eagraíocht mhaoirseachta na dtomhaltóirí sa Fhrainc Shein a thuairisciú go dtí na húdaráis mar gheall ar bhabóga gnéis a raibh dealramh acu le páiste, a bheith á ndíol acu.
Ag an am, dúirt Shein, go mbeadh cosc á chur acu ar a leithéid d'earraí a bheith á ndíol ar an suíomh.
Tá an fiosrúchán a d'fhógair an Coimisiún Eorpach inniu á sheoladh faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Táthar ag fiosrú chomh maith, an leagan amach mealltach atá ar an suíomh idirlín atá dírithe ar dhaoine a choinneáil ar an suíomh.
Tá ceanncheathrú Eorpach an chomhlachta lonnaithe in Éirinn agus dá bharr beidh Coimisiún na Meán páirteach sa bhfiosrúchán.


