Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Séamus Culleton le fanacht sna SA go ceann 10 lá eile ar a laghad

17 FEABHRA 2026, 17:59

Séamus Culleton as Cill Chainnigh le fanacht sna Stáit Aontaithe go ceann 10 lá eile ar a laghad
X Facebook

Tá sé tugtha le fios ag lucht dlí Séamus Culleton, an fear as Cill Chainnigh atá faoi choinneáil in ionad ICE i Texas Mheiriceá faoi láthair nach ndéanfar é a eiseachadadh ar ais go hÉirinn go ceann deich lá oibre eile ar a laghad.

Seamus Culleton and wife

Deir a lucht dlí go bhfuil siad ag fanacht le haiseolas ó Rialtas Mheiriceá faoin ordú díbeartha.

Tá beagnach cheithre mhí go leith caite ag Séamus Culleton in ionad coinneála ICE in El Paso Texas ó gabhadh é i mBoston i Meán Fómhair seo caite.

Seamus Culleton and wife

Beidh cinneadh le déanamh ag Gardaí anseo faoi an n-eiseoidh siad barántas gabhála dó nuair a fhillfidh sé abhaile de bharr nár tháinig sé os comhair cúirte faoi chúiseanna a bhain le drugaí nuair a bhí sé 22 bliain d'aois.